lj_willie_wonka
Duine Corr ’ – , , . - .
, , -, , , . ’ . … , , , , , , .
, -, .
, ? .
, .
Cathal Ó Searcaigh
Duine CorrOíche Shathairn agus mé ag baint sú
as mo chuideachta féin, mar is gnách,
anseo cois tineadh i Mín a’ Leá -
is breá liom an t-uaigneas seo,
(cé acu i dtrátha nó in antráth)
a bheir cothú don chiúnas.
Ach cha cheadaítear domh
a bheith liom féin ar feadh i bhfad.
Scairteann cairde orm ar ball
a rá go bhfuil siad ar bís
le gníomh a dhéanamh láithreach.
Tá siad ag féachaint ar an teilifís:
cráite ag an ár agus an mharfach
atá ag gabháil ar aghaidh, thall,
i mBosnia agus i Serbia.
Chan fuil barúil ar bith agam, faraor,
fá Bhosnia ná fá Sherbia;
cé atá ciontach ná cé atá saor
nó cé hiad na treibheanna
atá ag troid is ag treascairt a chéile sa tír.
Ach le bheith fíor agus i ndáiríre
dá mbeadh an t-eolas seo agam go beacht
cha bheadh an t-am nó an taithí
nó, rud is tábhachtaí, an neart
ionam, le haon chuid den mheascán mearaí seo
a réiteach is a chur ina cheart.
Níl aon ní is mó a theastaíonn uaim
ná fad saoil le suí anseo liom féin
i bhfad ó bhearna an bhaoil,
cois tineadh i Mín a’ Leá
ag léamh is ag ól tae
is ag machnamh go teacht an lae
ar dhuanaire de dhánta Zen
ón tSeapáin is ón tSín.
Nuair a thiocfas cogadh chun cinn
sa tSeapáin nó sa tSín
lá is faide anonn
beidh mé anseo liom féin
mar is gnách
cois tineadh i Mín a’ Leá.
Déanfaidh mé cupán tae
agus diaidh ar ndiaidh
léifidh mé le fonn
bailiúchán de dhánta grá
ó Bhosnia is ó Sherbia.
, --˸ –
, ,
.
:
,
,
- ,
, TV,
,
-
, .
-
,
, ,
.
, ,
,
,
,
– ,
.
,
,
, --˸,
, , –
-
.
, ,
- –
, ,
, --˸.
,
, ,
.
http://willie-wonka.livejournal.com/372790.html