Cé hé sin amuigh atá leagan na gclaidheacha?

"Mise mé fhéin," adubhairt Cunnla.
A Chunnla, chroídhe, na tarra níos goire dhom!

"Is cóir dom sin," adubhairt Cunnla.
Cé hé sin thíos atá bualadh na fuinneoige? (3X)
"Mise mé fhéin," adubhairt Cunnla.
A Chunnla, chroídhe, na tarra níos goire dhom! (3X)
"Is cóir dom sin," adubhairt Cunnla.
Cé hé sin thíos atá fadughadh na teine dhom? (3X)
"Mise mé fhéin," adubhairt Cunnla.
A Chunnla, chroídhe, na tarra níos goire dhom! (3X)
"Is cóir dom sin," adubhairt Cunnla.
Cé hé sin thíos atá tochas mo bhonnachaí? (3X)
"Mise mé fhéin," adubhairt Cunnla.
A Chunnla, chroídhe, na tarra níos goire dhom! (3X)
"Is cóir dom sin," adubhairt Cunnla.
Cé hé sin thíos atá tarraingt na pluide dhiom? (3X)
"Mise mé fhéin," adubhairt Cunnla.
A Chunnla, chroídhe, na tarra níos goire dhom! (3X)
"Is cóir dom sin," adubhairt Cunnla.
Cé hé sin thíos atá stracadh na léine dhiom? (3X)
"Mise mé fhéin," adubhairt Cunnla.
A Chunnla, chroídhe, na tarra níos goire dhom! (3X)
"Is cóir dom sin," adubhairt Cunnla.
Cé hé sin thíos atá dreapadh i n-áirde orm? (3X)
"Mise mé fhéin," adubhairt Cunnla.
A Chunnla, chroídhe, na tarra níos goire dhom! (3X)
"Is cóir dom sin," adubhairt Cunnla.
Cé hé sin anso atá glacadh mo leasracha? (3X)
"Mise mé fhéin," adubhairt Cunnla.
A Chunnla, chroídhe, na tarra níos goire dhom! (3X)
"Raghad go deimhin," deir Cunnla.